An tAire Doyle ag freastal ar Chéad Chruinniú an Ghrúpa Feidhmiúcháin Straitéise Orgánaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhreastail an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle TD ar chéad chruinniú an Ghrúpa nua Feidhmiúcháin Straitéise Orgánaí inniu. Is é is cuspóir leis an nGrúpa seo cur i bhfeidhm Straitéis na hEarnála Orgánaí 2019 – 2025 agus na 27 ngníomh trasearnála uileghabhálacha a stiúradh.
Dúirt an tAire Doyle ag an gcruinniú:
"Tá ríméad orm a bheith i láthair ag chéad chruinniú an Ghrúpa Feidhmiúcháin Straitéise Orgánaí. Tugtar tús áite do chur i bhfeidhm na ngníomhartha a aithnítear sa straitéis seo agus tá siad an-tábhachtach chun an Earnáil Orgánach a fhorbairt in Éirinn. Tríd an straitéis seo cuirtear treoirphlean uaillmhianach ar fáil don earnáil bia Orgánach in Éirinn agus ní mór dá fheidhmiú a bheith ina thosaíocht ag gach duine má tá an uaillmhian seo le tabhairt chun fíre."
Tá an grúpa nua cosúil le Grúpa Feidhmiúcháin Food Wise 2025 ó thaobh struchtúir de ina bhfuil Grúpa Feidhmiúcháin ina gcuimsítear ionadaithe ó na Gníomhaireachtaí Stáit ábhartha agus ó na Comhlachtaí Rialaithe Orgánaigh a bhfuil róil ceannais tugtha dóibh sa Straitéis nua. Dá réir sin cuimsítear sa Ghrúpa ionadaithe ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Teagasc, Bord Bia, BIM agus na Comhlachtaí Rialaithe Orgánaigh. Is é Martin Heraghty atá ina chathaoirleach air agus is eisean a bhí ina chathaoirleach ar an nGrúpa Straitéise Orgánaí. Ó thaobh chúrsaí oibríochta de, beidh an Grúpa Feidhmiúcháin mar a chéile le próiseas feidhmiúcháin Food Wise 2025 trína dtugtar cuireadh d'ionadaithe ó eagraíochtaí eile chuig cruinnithe ionas go mbeidh deis ag gach comhlacht leasmhar a gcuid tuairimí a roinnt..
Ghlac an tAire Doyle le tiomantas agus rúndaingne páirtithe leasmhara chun an Earnáil a fhorbairt tuilleadh go barr a hacmhainne, agus thug sé aitheantas don Ghrúpa Straitéise Orgánaí arbh é foilsiú na Straitéise don Earnáil Bhia Orgánach a bhí mar thoradh ar a gcuid oibre:
"Trí na páirtithe leasmhara ar fad a bheith ag oibriú le chéile, agus trí leas a bhaint as na deiseanna atá ar fáil, creidim go n-éireoidh leis an Earnáil Orgánach in Éirinn amach anseo.”
Beidh an Grúpa Feidhmiúcháin Straitéise Orgánaí ag teacht le chéile dhá uair sa bhliain agus beidh sé ag tuairisciú go tréimhsiúil chuig Grúpa Feidhmiúcháin Ardleibhéil Food Wise.
CRÍOCH
Is mar seo a leanas atá comhdhéanamh an Ghrúpa: