Ceadú na n-iarratas is déanaí ar TAMS fógartha ag an Aire chomh maith le hAraidí Mine i TAManna do gach Earnáil
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, go bhfuil tús curtha le níos mó ná 2,090 iarratas a cheadú faoin tráinse is déanaí de scéim TAMS. Fuarthas na hiarratais seo faoi Thráinse 12 ar tháinig deireadh leis an 7 Nollaig 2018 ina léirítear an ceathrú líon is airde d'iarratais de réir an tráinse go dtí seo. Meastar gur fiú €30.5m na hiarratais ar fad fuarthas mar chuid de Thráinse 12.
Dúirt an tAire:
"Tá ríméad orm faoin tsuim atá fós á léiriú sa tsraith seacht mbeartas atá ar fáil faoi scéim TAMS. Tá níos mó ná 22,900 iarratas faighte faoin scéim go dtí seo lena n-áirítear níos mó ná 2,000 iarratas sa tráinse is déanaí. Tá breis agus €103m íoctha le feirmeoirí faoin Scéim go dtí seo agus íoctar €1.2m ar an meán in aghaidh na seachtaine."
Chomh maith leis sin, tá sé fógartha ag an Aire go mbeidh araidí mine ina n-infheistíocht incháilithe ar an liosta earraí atá ar fáil do gach earnáil faoi TAMS II le héifeacht láithreach. Osclaíodh an tráinse reatha TAMS II ar an 8 Nollaig agus tiocfaidh deireadh leis ar an 5 Aibreán 2019. Is féidir iarratas a dhéanamh ar araidí mine anois tríd an gcóras iarratais ar líne. Chomh maith leis sin tá athbhreithniú déanta ar chóras pionóis TAMS II maidir le héilimh íocaíochta a chur ar aghaidh déanach chun go mbeidh níos mó solúbthachta i gceist agus chun go dtabharfar pionóis ghrádaithe isteach faoi iarratas a chur ar aghaidh déanach.
Maidir leis na hathruithe sin, Dúirt an tAire:
"Mar fhreagra ar iarratais araidí mine a chur ar fáil do gach earnáil, go mór mór i ndiaidh na ndúshlán fodair a bhí ag feirmeoirí in 2018, tá sé socraithe agam iad a chur ar fáil do gach earnáil le héifeacht láithreach. Beidh an-spéis ag lucht na hearnála mairteola agus caorach sa nuacht sin. Chomh maith leis sin rinneamar athbhreithniú fabhrach ar an gcóras pionóis maidir le hiarratais a chur ar aghaidh déanach agus déanfaidh mo Roinn teagmháil dhíreach le feirmeoirí a mbeidh tionchar ag na hathruithe seo orthu sna seachtainí seo romhainn."
CRÍOCH
Meabhraítear d'fheirmeoirí más rud é go bhfuil ceadú acu faoi TAMS cheana féachaint ar na dátaí ábhartha ar a gcuid litreacha ceadaithe agus a chinntiú go gcuirfear éilimh íocaíochta isteach roimh an sprioc-am a bhaineann le hábhar. Is féidir éilimh a dhéanamh ar an gcóras ar líne chomh luath agus a bheidh an obair atá ceadaithe curtha i gcrích le go mbeifear in ann éilimh a íoc go pras.
Tá na sonraí ar fad an bhaineann le bearta TAMS II ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag: www.agriculture.gov.ie/farmerschemespayments/tams.
Is féidir teacht ar an Rannóg TAMS ar an nguthán ag 0761 064452.
Tá an-suim i measc feirmeoirí i gcónaí i Scéim TAMS II agus tá níos mó ná 17,800 ceadú eisithe chuig rannpháirtithe ag an tráth seo.
Cuireadh éilimh íocaíochta as oibreacha ceadaithe a cuireadh i gcrích ar aghaidh agus íocadh na héilimh sin le breis is 7,000 rannpháirtí. Ó thaobh luacha de, tá íocaíochtaí níos mó ná €103m eisithe go dtí seo mar gheall air sin, agus eisíodh níos mó ná €5.6m de sin i mí na Nollag seo caite. Leanfar de cheaduithe a eisiúint agus d'éilimh íocaíochta a cuireadh ar aghaidh a íoc ar bhonn leanúnach le linn 2019.
Tá ceadú TAMS II ag níos mó ná 8,900 feirmeoir ach níl éileamh íocaíochta curtha ar aghaidh acu ina leith go fóill. Tá ceaduithe ó Thráinse 6 á n-eisiúint ar feadh 6 mhí do threalamh soghluaiste agus ar feadh 12 mhí d'infheistíochtaí suite. Tá an Roinn ag moladh go láidir d'fheirmeoirí a bhfuil ceaduithe gan íoc acu súil a chaitheamh ar a litir ceadaithe agus a bheith aireach ar an dáta a rachaidh an ceadú in éag.
Tá athbhreithniú déanta ar an gcóras pionóis maidir le héilimh íocaíochta a chur ar aghaidh go déanach. Beidh an Roinn i dteagmháil díreach leo sin a mbeidh tionchar ag na hathruithe seo orthu sna seachtainí romhainn.
Mar thoradh ar iarratais, áirítear Araidí Mine do na hearnálacha ar fad anois sa Tráinse reatha a dtiocfaidh deireadh leis an 5 Aibreán 2019.
Dáta do Thráinsí amach anseo:
Is mar seo a leanas atá an caiteachas faoi gach ceann de na seacht mbeart atá faoin Scéim go dtí an 31 Nollaig 2018:
Beart | Caiteachas | Líon na dTairbhithe (líon na n-íocaíochtaí idir lúibíní) |
YFCIS | €47.1m | 1332 (1711) |
DES | €23.8m | 1660 (1883) |
AWSNS | €15.5m | 1588 (1778) |
LESS | €6.8m | 565 (591) |
TCIS | €6.8m | 458 (608) |
OCIS | €1.4m | 245 (329) |
PPIS | €0.5m | 43 (48) |
Is mar seo a leanas na hEarraí Infheistíochta is mó a bhfuil Tóir orthu (de réir líon na n-iarratas) ar fud bhearta TAMS II ar fad:
Scéim Leasa Ainmhithe, Sábháilteachta agus Stórála Cothaithigh (AWSNS):
Scéim Trealamh Déiríochta (DES):
Scéim Trealamh Spréite Sciodair Astaíochtaí Ísle (LESS):
Scéim Infheistíochta Caipitil Orgánach (OCIS):
Scéim Infheistíochta Muca agus Éanlaithe (PPIS):
Scéim Infheistíochta Caipitil Orgánach (OCIS):
Scéim Infheistíochta Caipitil na bhFeirmeoirí Óga (YFCIS):